Jump to content

Troye Sivan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Troye Sivan

(2018)
Beathaisnéis
Breith(af) Troye Sivan Mellet
5 Meitheamh 1995
30 bliana d'aois
Johannesburg, An Afraic Theas
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas agus Giúdachas Ceartchreidmheach
Scoil a d'fhreastail sé/síCarmel School, Perth (en)
Áit chónaitheLos Angeles
Melbourne
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Perth
Gairmaisteoir, cruthaitheoir YouTube, amhránaí is scríbhneoir, aisteoir scannáin
Tréimhse oibre2006 –
SeánraPopcheol, pop indie, synth-pop (en) , popcheol brionglóide agus leictreaphop
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisCeol gutha agus pianó
Lipéad ceoilEMI
Capitol Records
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáintroyesivan.com

Is amhránaí, cumadóir agus aisteoir as an Astráil é Troye Sivan Mellet (Fuaimniú: /trɔɪ sɪˈvɑːn/) (a rugadh ar an 5ú Meitheamh 1995 i Johannesburg, an Afraic Theas). Bhí sé ina chruthaitheoir ar YouTube agus tá 7.8 milliún leantóirí aige ar YouTube agus breis is 1.5 billiún radhairc.

D'eisigh sé a chéad albam Blue Neighbourhood sa bhliain 2015. Chuaigh an singil "Youth" ón albam sin sa top 40 ar an gcairt Billboard Hot 100. Shroich a dara halbam Bloom (2018) uimhir a trí san Astráil agus uimhir a ceathair ar chairt an Billboard 200.

Mar aisteoir, bhí páirt aige in X-Men Origins: Wolverine (2009) agus bhí sé mar an príomhcharachtar sa tríológ Spud. Sa bhliain 2018, fuair sé ainmniúcháin Golden Globe le haghaidh "Best Original Song" leis an amhrán "Revelation", ón scannán Boy Erased. I 2022, bhí sé sa scannán Three Months.

Saol Pearsanta

Image for: Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sivan i Johannesburg san Afraic Theas. Is bean an tí agus iarmhainicín í a mháthair, Laurelle Mellet, agus is fiontraí agus gníomhaire eastáit é a athair, Shaun Mellet. D'fhás Sivan suas i bPerth, an Astráil Thiar lena thuismitheoirí agus a thriúr deartháireacha.

Tháinig Sivan amach mar duine aerach i bhfíseán ar YouTube ar an 7ú Lúnasa 2013, trí bhliain i ndiaidh teacht amach lena chlann. Tá foirm éadrom de shiondróm Marfan aige.

Ceirníní leathfhada

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dare to Dream (2007)
  • June Haverly (2012)
  • TRXYE (2014)
  • Wild (2015)
  • In a Dream (2020)